Navigation – Plan du site

AccueilNuméros42-2Études d'histoire et de civilisation“Un nouveau dictionnaire anglais-...

Études d'histoire et de civilisation

“Un nouveau dictionnaire anglais-irlandais” : léirmheas Francach ar fhoclóir Éireannach

Seaghan Mac an tSionnaigh
p. 37-46

Résumés

Cet article aborde les expériences des Irlandais à Paris à travers les activités des branches de Conradh na Gaeilge dans les années précédant la révolution irlandaise. Il inclut le texte intégral, assorti d’une analyse de ses recommandations, de la critique que H. d’Artois de Jubainville publia dans la Revue Celtique à propos du premier dictionnaire de T. O’Neill Lane de Templeglantine, lexicographe et enseignant qui commença à Paris à élaborer le Lane’s English-Irish Dictionary.

Haut de page

Texte intégral

  • 1 Seaghan Mac an tSionnaigh, “Varia III: Litir ó T. O’Neill Lane”, Éigse, Uimh. 39, 2016, (...)
  • 2 Seaghan Mac an tSionnaigh, “Seoda Ghaeilge Luimnigh”, Comhar, Iml. 75, Uimh. 7, 2015, l (...)

1Bhreac T. O’Neill Lane réamhrá Lane’s English-Irish Dictionary (1904) i bPáras, mar a raibh tamall de bhlianta caite aige i mbun post ceannais mar chomhfhreagraí d’irisí agus do nuachtáin Shasanacha, le tréimhse caite aige roimhe sin i Londain mar luathscríobhaí, agus tréimhse roimhe sin arís aige caite mar mhúinteoir náisiúnta1 i dTeampall an Ghleanntáin in Iarthar a chontae dúchais2. Is fearr a thuigfear an comhthéacs stairiúil sóisialta cultúrtha inar foilsíodh tuairimí léirmheastóireachta Marie-Henri d’Arbois de Jubainville ar Lane’s English-Irish Dictionary sa phíosa scríbhneoireachta is príomhábhar don alt seo, ach cuntas a thabhairt ar na cúinsí ar leith a thug T. O’Neill Lane go Páras agus abhaile arís go Luimneach ar deireadh. Creidim go bhfaighfear sa mhéid seo a leanas léargas tábhachtach ar shaol na nÉireannach inimirceach sa tréimhse fin de siècle.

An Luimníoch i Londain

  • 3 James Quinn agus James McGuire, eag., The Dictionary of Irish Biography, Iml. 5, 2009, lth. (...)
  • 4 General Register Office, England, MXG922305, Certified copy of an Entry of Marriage, 12 (...)
  • 5 General Register Office, England, DYE066850, Certified Copy of an Entry of Death, 11 Deirea (...)

2Ar an liosta a tugadh in Lane’s English-Irish Dictionary de dhaoine a d’íoc síntiús leis i dtreo is go bhféadfaí an chéad fhoclóir sin uaidh a fhoilsiú, bhí ainm Aeneas O’Neill, gaol do T. O’Neill Lane ar thaobh a mháthar. Luadh gur seoladh poist sa Times i bPáras a bhí ag Aeneas, as Brosnach Chiarraí ó dhúchas dó, agus go deimhin, ceaptar gurbh é siúd a fuair post do T. O’Neill Lane san institiúid iriseoireachta chéanna i Londain an chéad lá3. Ba dheirfiúr d’Aneas agus col ceathrar dó féin chéadnuachair O’Neill Lane chomh maith. Ar an 19 Márta sa bhliain 1878 a pósadh sa Church of the Sacred Heart, Eden Green, Islington an bheirt, agus d’aistríodar an uair sin go 78 Pentonville Road, Clerkenwell, Holborn4 mar ar mhaireadar in aontíos le hAeneas go dtí an lá deiridh d’Eanáir na bliana dár gcionn nuair a cailleadh Mary de dhroim an fhiabhrais seoil5.

Pobal na nGael i bPáras

3Phós T. O’Neill Lane athuair, saolaíodh clann dó, agus nuair a theip ar an gcaidreamh sin le casadh an fichiú céid, bhain sé Páras na Fraince amach dó féin. Níorbh fhada go raibh sé sáite sa phobal Gaelach a d’aimsigh sé ann, agus is é a bhí freagrach as Gaeil Pháras na linne a chur ar bhóthar na Gaeilge. Deirtear go raibh sé ina leasuachtarán agus ina mhúinteoir le craobh Pháras Chonradh na Gaeilge6, agus níor mhiste talamh slán a dhéanamh de go raibh baint aige le bunú na craoibhe áirithe seo a chruinníodh i bhfoirgnimh de chuid Eaglais Naomh Seosamh i bhfoisceacht bheag don Arc de Triomphe san ochtú arrondissement. Más ann a thagadh Gaeil Pháras le chéile in ainm an Chonartha ar dtús, níor luaigh foilseacháin chomhaimseartha Chonradh na Gaeilge gurbh é a leithéid de láthair eaglasta a roghnaíodh mar bheannad dá bhaill – ba é “50 Avenue Hoche” an cur síos neodrach ba nós a dhéanamh ar an ionad a bhíodh acu dá gcuid imeachtaí, agus is é mo mhórthuairim féin ná gur léirigh sé seo fonn a bheith ar Chonradh na Gaeilge gan béim a leagan ar an gceangal idir cúrsaí creidimh agus gluaiseacht na teanga. Saothar fiúntach ar son ghluaiseacht na Gaeilge a deineadh tráth sa sáipéal seo mar sin, ach más ea, is é an misean anglafóin i bPáras is cúram d’áitritheoirí 50 Avenue Hoche sa lá atá inniu ann, agus iad ag freastal trí Bhéarla ar pharóistigh ó níos mó ná daichead tír ar fad7.

  • 8 An Claidheamh Soluis, 24 Samhain, 1906, lth. 10.
  • 9 Tá nótaí seo i seilbh leabharlann Choláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach.
  • 10 An Claidheamh Soluis, 26 Eanáir, 1907, lth. 10.

4Bhí O’Neill Lane siúlach scéalach idirnáisiúnaithe, agus a ainm in airde i measc thuairiscí áirithe de chuid An Claidheamh Soluis taca an ama seo ina raibh suntas á thabhairt d’idirnáisiúnú chúis na teanga, agus caint ar chraobh Pháras den chéad uair. Tuairiscíodh in eagrán an 17 Samhain 1906 de An Claidheamh Soluis go raibh caint dar theideal ‘The Irish Language’ tugtha ag Uilliam Mac Giolla Brighde os comhair bhaill Chonradh na Gaeilge Pháras, a dúradh a bheith i mbun staidéir dhíograisigh ar an nGaeilge a bhuí le “able guidance” ó T. O’Neill Lane. As Béarla a scríobhadh an tuairisc seo, ach aisteach go maith, is é an gearán a deineadh ann ná gur i mBéarla a labhair Mac Giolla Brighde nuair ba léir nár rómhaith an tuiscint a bhí ag an slua a bhí i láthair ar an nGaeilge8. Dealraíonn sé ó pháipéir O’Neill Lane go raibh an Fhraincis ar a thoil aige, agus abairtí mánla Fraincise le feiscint ar feadh a chuid nótaí pearsanta9. Bhí sé le tuiscint ó dhuilleachán Lúnasa 1906 An Claidheamh Soluis roimhe sin gurbh é féin agus “Ms. O’Hart” a roghnaíodh mar theachtairí thar cheann Chraobh Pháras d’Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 1907. Bhíothas ag tuairisciú faoi Eanáir na bliana sin go raibh rath ag teacht ar chraobh Chonradh na Gaeilge Pháras inar reachtáladh oíche thaitneamhach “scoraíochta” tamall roimhe sin10.

  • 11 Tá an cnuasach seo i seilbh Choláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach.

5Más ea is dóichí de ná gur i nóchaidí an naoú aois déag a tháinig an Luimníoch fir seo go Páras, is cosúil ón bhfianaise atá le fáil ina chnuasach leabhar11 gur in ardchathair na Fraince a bhí cónaí buan air anuas go dtí an bhliain 1908 ar a laghad; “Paris 1908” a bhreac sé ar an gcóip de The Sketch Book le W. Irving a bhí aige, mar shampla, agus is í sin an tagairt is déanaí ar fad a mhaireann dá sheal i bPáras. Is amhlaidh a d’fhill sé ar Iarthar Luimnigh ina dhiaidh sin chun díriú isteach go lánaimseartha ar Lane’s Larger English-Irish Dictionary a foilsíodh ar deireadh sa bhliain 1916, bliain tar éis bháis dó.

  • 12 Timothy O’Neill Lane, Lane’s Larger English-Irish Dictionary, Baile Átha Cliath, The Educat (...)

6Ní foláir nó thagadh a cuid oibre leis an Times agus na himeachtaí den chineál a d’eagraíodh sé i gcomhar le craobh Pháras Chonradh na Gaeilge salach ar na cúraim a bhain leis na bailchríocha a chur ar an dara heagrán méadaithe den saothar foclóireachta a bhí á chur le chéile ag T. O’Neill Lane ar feadh fiche bliain, agus go deimhin, bhí sé mar ghearán i réamhrá Lane’s Larger English-Irish Dictionary ag an bhfoclóirí a shaothraigh go haonarach gur chuir dualgais sheachtracha éigin i bPáras isteach ar dhéanamh an chéad fhoclóra12. Agus d’ainneoin an cheangail Pharásaigh, ní raibh craobh Pháras Chonradh na Gaeilge i measc na síntiúsóirí i ndeireadh an fhoclóra, fiú amháin. Dealraíonn sé ón gciúnas cáipéisíochta nuair a d’fhill O’Neill Lane ar Luimneach gur i léig a chuaigh an chraobh chéanna. Is teist shoiléir é seo dar ndóigh ar an tionchar suntasach is féidir a bheith ag pearsain láidir ar ghluaiseacht phobail.

Léirmheastóireacht ar Lane’s Larger English-Irish Dictionary

  • 13 An Claidheamh Soluis, 28 Bealtaine, 1904, lth. 10; Irish Times, 29 Meitheamh, 1903, (...)

7Bhí an dara saothar foclóireachta uaidh beagnach a trí oiread ní ba mhó ná Lane’s English-Irish Dictionary (1904), ach is don réamhiarracht neamhiomlán sin a thagraíonn formhór mór an ábhair léirmheastóireachta a scríobhadh ar aon ghné de shaothair saoil T. O’Neill Lane. Is míbhuntáiste é an méid sa tslí is gur fágadh míchothroime ar an léirmheastóireacht atá déanta ar shaothar T. O’Neill, ach don leith eile, bhain sé de bhuntáiste go raibh O’Neill Lane ina bheatha chun an mhórchuid den méid a scríobhadh ina thaobh a léamh. Fuair sé moladh agus spreagadh cuí sna léirmheasa a foilsíodh i nuachtáin éagsúla na linne13, ach má fuair, ní raibh léirmheastóirí na n-irisí acadúla chomh fáiltiúil céanna. Tá na léirmheasa binbeacha a scríobh Mícheál Ó hIcí ar fhoclóirí O’Neill Lane agus an Duinnínigh araon anois ina n-eachtraí suntasacha d’annálacha na foclóireachta Gaeilge, ach is dócha nach mór an chuimhne atá ar an léirmheas ó Marie-Henri d’Arbois de Jubainville a foilsíodh in imleabhar XXV den Révue Celtique (1904), arb é a spreag an t-alt seo uaim. Tugaim thíos an bunléirmheas i dteannta leagan Gaeilge a aistríodh ón bhFraincis:

Il vient de paraître un nouveau dictionnaire anglais-irlandais, Lane’s English-Irish Dictionary (Focloir béarla-gaedhilge [sic]) compiled from the most authentic Sources by T. O’Neill Lane, London, David Nutt, 1904, in-80, ix-581-11 pages.

  • 14 Marie-Henri d’Arbois de Jubainville, Révue Celtique, iml. XXV, Páras, Émile Bouillon, 1904, (...)

Le but de l’auteur n’est pas de constater l’état actuel de la langue irlandaise, ni d’en donner l’histoire. M. O’Neill Lane a voulu mettre à la disposition de ses compatriotes un vocabulaire assez complet pour qu’ils puissent rendre en leur langue tous les mots anglais dont ils ne connaissent pas d’équivalents irlandais, soit que ces équivalents irlandais, après avoir existé, soient tombés en désuétude, soit que ces équivalents aient toujours fait défaut à la langue irlandaise. Pour constater l’usage présent il a voyagé dans toutes les parties de l’Irlande où l’irlandais se parle encore, et, pour compléter le vocabulaire actuel, il a consulté un grand nombre de textes moyen-irlandais où se rencontrent des mots aujourd’hui malheureusement inusités.
A notre grand regret, la plupart de temps, M. O’Neill Lane ne se donne pas la peine d’indiquer pour chaque mot l’endroit, texte ou comté, où il l’a trouvé et quand il le dit, ou la formule qu’il emploie manque de précision et le contrôle est impossible, ou la citation qu’on peut vérifier amène quelquefois de fâcheux résultats.
Il est difficile de considérer comme assez précis la rédaction suivante à l’article abundance, p. 5 : Keating, neart airgid, « abundance of money ». Littéralement neart airgid veut dire « force, puissance d’argent ». Dans quel ouvrage et à quelle page Keating a-t-il employé cette expression? Sur ce point, M. O’Neill Lane garde le silence. Nous dirons, nous, que pour être puissant, l’argent n’a pas toujours besoin d’être abondant ; souvent la quantité nécessaire pour rémunérer un travail quelconque dépend de la pénurie plus ou moins grande de celui à qui on offre un salaire et de celui qui offre ce paiement.
A l’article abigail « servante », « suivante », on voit citer par M. O’Neill Lane le mot acmaing avec un renvoi précis B[ook of] L[aws], II, 284, 30 ; il s’agit des Ancient Laws of Ireland, tome II page 284, ligne 30. Acmaing est une variante orthographique de eacmaing (même tome, même page, ligne 14), que la traduction anglaise, p. 285, rend par able « capable » ; à là même page, un peu plus bas, acmaing est traduit par capability « capacité ». Dans l’ancienne langue, ce mot est une 3e p. du s. du parfait signifiant « il a atteint », « il est arrivé » (Windisch, Irische Texte, t. I, p. 517, 518). Ce mot paraît avoir pris dans la glose du Senchus Mór la place du substantif écmong servant d’infinitif au verbe et désignant le fait d’atteindre le but (Windish, Irische Texte, t. I. p. 518), d’où le sens de dérivé de capacity proposé par M. R. Atkinson, Glossary to Brehon Laws, p. 289 ; atteindre le but prouve qu’on a la capacité d’y arriver. Mais entre cette idée et celle de servante, il n’y a pas de rapport.
D’autre part, M. O’Neill Lane ne se pique pas de copier exactement les mots : p. 3 à l’article Able (strong), il renvoie à lá Genèse, vi, 4, pour un mot signifiant « fort » et pour lequel il donne d’abord la notation árachdach, puis la notation árrtachda. Mais dans l’édition de la bible irlandaise qui est datée de 1852, on lit árrachdach avec deux r au lieu d’árachdach avec une seule r; et dans l’édition princeps, 1685, árrtachta avec un t et non un d à la dernière syllabe árrtachda comme écrit M. O’Neill Lane. S surmonté d’une barre veut dire acht et non achd (The english-irish Dictionary [sic], Paris, 1732, p. 716).
D’après le même dictionnaire de 1732, M. O’Neill Lane a écrit, p. 82, Buskin (brodequin), buatais. Or, le dictionnaire en question porte : Buskins (brodequins) buataisidhe. M. O’Neill Lane a substitué au pluriel le singulier sans en avertir le lecteur, il a en outre de son chef remplacé par un a l’u de lá seconde syllable de buatisidhe.
Ailleurs, M. O’Neill Lane a reproduit sans critique les énonciations du dictionnaire de 1732. Dans ce livre, au mot buffet « soufflet », on lit dornn nó bos nó bas. Je ne nie pas que dornn dont le sens propre est « poing » que bos, bas, dont le sens propre est « paume de la main » n’aient pris le sens accessoire et insultant de soufflet. Ce sens qui ne justifie pas, dans le dictionnaire de 1732, l’exemple do bhualadh le dornnuibh nó le basaibh, est donné pour dorn dans les dictionnaires d’O’Reilly et de la Highland Society of Scotland. Mais M. O’Neill Lane, qui prétend travailler à créer une langue littéraire en Irlande devrait éviter le danger d’attribuer au même mot trop de sens différents : dorn signifie « poing »,  « poignée », « manche » : pourquoi y ajouter le sens de « soufflet » que dornadh exprime plus clairement ?
Le livre de M. T. O’Neill Lane ne fera pas faire grand progrès à la science des langues ni à la clarté de l’irlandais14.

8Tá foclóir nua Béarla-Gaeilge anois ar an bhfód: Lane’s English-Irish Dictionary (Focloir [sic] béarla-gaedhilge [sic]) compiled from the most authentic Sources by T. O’Neill Lane, London, David Nutt, 1904, in-80, ix-581-11 pages.

9Ní chun tuairisc a thabhairt ar stádas reatha na Gaeilge ná ar stair na teanga a chuaigh an t-údar i mbun an tsaothair. Is é a theastaigh ón Uasal O’Neill Lane a dhéanamh ná stór focal a bheadh cuíosach cuimsitheach a sholáthar dá chomhthírigh i dtreo is go mbeadh ar a gcumas na focail Bhéarla nach eol dóibh leagan Gaeilge a bheith acu a aistriú ina dteanga féin, bíodh na leaganacha sin sa teanga cheana agus iad ligthe i ndearmad ó shin, nó gan a leithéid a bheith inti riamh roimhe sin. Thaisteal sé seo a bhfuil fágtha de na ceantair in Éirinn a bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt iontu le fáil amach cad iad na nósanna atá sa treis sa teanga bheo, agus i dtreo stór focal an lae inniu a leathnú amach, chuaigh i gcomhairle mórán téacsanna Meán-Ghaeilge ina bhfaightear focail nach n-úsáidtear lenár linn, faraor.

10Ba chúis díomá dom nár lig an leisce don Uasal O’Neill Lane tagairt a dhéanamh i gcás gach aon fhocail don cheantar, don chontae, ná don téacs ina bhfuair sé é, agus fiú nuair a rinneadh a leithéid, baineann easpa cruinnis leis an tslí a gcuirtear an t-eolas sin i láthair leis an toradh nach féidir le duine an tagairt a fhiosrú nó más féidir, ní mór a bheadh aige dá bharr.

11Ba dheacair a áiteamh go bhfuil an sliocht seo a leanas ón iontráil faoin gceannfhocal abundance, lth. 5., cruinn go leor: Keating, neart airgid, “abundance of money”. Is é an chiall a bhaineann le neart airgid ó cheart ná “fórsa, cumhacht an airgid”. Cén saothar inar luaigh Keating an nath cainte seo, agus cén leathanach? Fanann an tUasal O’Neill Lane ina thost maidir leis an méid sin. Is é a déarfainnse faoi seo ná nach gá i gcónaí go mbeadh an t-airgead flúirseach chun go mbainfeadh cumhacht leis; is minic a bhraitheann an méid cúitimh a éilítear as saothar éigin ar chúinsí an té a mbeadh an tuarastal á thairiscint dó, chomh maith le cúinsí an té atá á thairiscint.

12Faoin gceannfhocal abigail, feicfimid gurb é an focal acmaing a mholann an tUasal O’Neill Lane, agus tagairt chruinn aige do B[ook of] L[aws], II, 284, 30. Is é atá i gceist leis an méid sin ná Ancient Laws of Ireland, imleabhar II leathanach 284, líne 30. Litriú malartach de eacmaing is ea acmaing (an t-imleabhar céanna, an leathanach céanna, líne 14), agus is é an t-aistriúchán Béárla a thugtar ná able lth. 285; is é capability an t-aistriúchán a thugtar ar acmaing beagáinín níos faide síos ar an leathanach céanna. Sa tSean-Ghaeilge, b’ionann an focal seo agus foirm na haimsire chaite den bhriathar, an tríú pearsa uatha, mar shampla, “fuair sé”, “tháinig sé” (Windisch, Irische Texte, iml. I, lth. 517, 518). Is cosúil ó fhianaise atá i ngluais an Senchus Mór (Windish, Irische Texte, iml. I. lth. 518) go raibh an fhoirm seo tar éis ionad an ainmfhocail écmong a ghlacadh, agus is ar an mbonn sin a thug an tUasal. R. Atkinson le fios in Glossary to Brehon Laws lth. 289 gur bhain an fhobhrí capacity leis an bhfocal. Má éiríonn le duine a sprioc a bhaint amach, is ionann é sin agus a rá go bhfuil an cumas ann chuige, ach níl aon bhaint beag ná mór ag an méid seo ar fad le tuairim O’Neill Lane faoi Abigail.

13Rud eile de, ní chuireann an tUasal O’Neill Lane de stró air féin na focail a thras-scríobh i gceart go fiú; déantar tagairt do Geineasas, vi, 4 faoin gceannfhocal Able (strong) ar lth. 3 i dtaca le focal a litríonn sé ar dtús mar árachdach, agus mar árrtachda ina dhiaidh sin. Ach is árrachdach le dhá r seachas árachdach gan ann ach aon r amháin atá le léamh againn san eagrán Gaeilge den Bhíobla a foilsíodh sa bhliain 1852. Agus is é atá i mbuneagrán na bliana 1685 ná árrtachta le t seachas d sa siolla deireanach ar nós mar atá ag an Uasal O’Neill Lane a thugann árrtachda. Acht seachas achd atá i gceist le S agus barra os a chionn (The english-irish Dictionary, Paris, 1732, lth. 716).

14Ar chuma fhoclóir na bliana 1732 arís, tugann an tUasal O’Neill Lane Buskin (brodequin), buatais ar lth. 82. Ach, is é atá sa bhfoclóir úd ná Buskins (brodequins) buatuisidhe. An uimhir uatha atá ag an Uasal O’Neill Lane in ionad an iolra, gan an cur chuige sin a chur in iúl don léitheoir, agus anuas air sin, tá a curtha aige in áit an u sa dara siolla den fhocal buatuisidhe.

15In áiteanna eile, tugtar ráiteachais fhoclóir na bliana 1732 gan aon scagadh a dhéanamh orthu. Léimid dornn nó bos nó bas faoin gceannfhocal buffet sa leabhar seo. Ní shéanaim go bhfuil an chiall mhaslaitheach bhreise ‘buille’ anois ag dornn agus ag bos, bas, focal gurb é “caol na láimhe” an bhunbhrí a bhaineadh leis. Ní léir ón mbrí seo cad chuige go dtabharfaí an sampla do bhualadh le dornnuibh nó le basaibh i bhfoclóir na bliana 1732, cé gurb é an bhrí chéanna a thugtar faoin gceannfhocal dorn i bhfoclóirí Uí Raghallaigh agus an Highland Society of Scotland. Ach ba cheart go seachnódh an tUasal T. O’Neill O’Neill Lane gan an iomad fobhríonna a thabhairt d’aon fhocal amháin, más é an sprioc atá aige ná teanga liteartha a fhorbairt in Éirinn; “lapa”, “dornán”, “muinchille” atá i gceist le dorn mar atá: cad is fiú an bhrí bhreise “buille” a chur léi nuair is soiléire a chuireann dornadh an méid sin in iúl?

  • 15 Marie-Henri d’Arbois de Jubainville, Révue Celtique, iml. XXV, Páras, Émile Bouillo (...)

16Ní mór an leas a dhéanfaidh leabhar an Uasail T. O’Neill Lane do léann na teangeolaíochta ná don tuiscint atá againn ar an nGaeilge15.

  • 16 Georges Dottin, Annales De Bretagne, Iml. 25, Uimh., 25-4, 1909, lgh. 605- 611.
  • 17 Michael O’Hickey, ‘Irish Lexicography’, The Irish Ecclesiastical Record, Nollaig, 1 (...)

17Tháinig an léirmheas feannta seo amach cúpla mí i ndiaidh Lane’s English-Irish Dictionary, agus mar atá ráite, bhí na scileanna cuí teanga ag T. O’Neill Lane le go dtuigeadh sé achasáin an Fhrancaigh léannta. Ba dhóigh le duine go raibh eolas leis ag T. O’Neill Lane ar cérbh é an tUasal d’Arbois de Jubainville a raibh cáil bainte amach aige i dtosach a ghairme dó féin mar shaineolaí ar logainmneacha na Gaille, agus a thug aghaidh ar léann Ceilteach an Oileánra Bhriotanaigh go gairid roimh theacht O’Neill Lane go Páras. Deirtear gurbh í an Ghaeilge an teanga Cheilteach ba mhó dar thug d’Arbois de Jubainville spéis, agus suim faoi leith aige in institiúidí dlí na hÉireann sa mheánaois. Chuir sé eagrán den Táin amach sa bhliain 1907, mar shampla, agus bhí sé ina ollamh leis na teangacha Ceilteacha in Collège de France go dtí gur cailleadh é sa bhliain 191016. Ársaitheoir a bhí ann don chuid is mó, agus ní dócha ón méid thuas go raibh aon eolas rófhairsing aige ar chaolchúis na Nua-Ghaeilge, é ag caitheamh anuas go botúnta ar O’Neill Lane de dheasca “abundance of money” a bheith aistrithe i gceart aige mar “neart airgid”. Bhain caolchúis leis an liúntas a cuireadh i leith O’Neill Lane gan tuiscint mar is ceart a bheith aige ar script leath-uingeach na Gaeilge ar an mbonn gur roghnaigh sé an leagan nuashonraithe “árrachtach” seachas an bunleagan “árrtachdach” a thabhairt san athfhriotail a dhein sé ar abairt ó Gheineasas an Bhíobla. Ach fiú nuair a bhain cur chuige ní ba choimeádaí le cinntí eagarthóireachta T. O’Neill Lane, níor mhó ná sásta a bhí d’Arbois de Jubainville a dúirt go raibh O’Neill Lane ag cloí go neamhchriticiúil le ráiteachas áirithe de chuid fhoclóir Uí Bheaglaoich agus Mhic Cruitín, cáineadh a chuirfeadh léirmheas Mhíchíl Uí hIcí i gcuimhne don té a léirfeadh17.

  • 18 Seaghan Mac an tSionnaigh, Focail agus Foclóireacht T. O’Neill Lane, Baile Átha Cliath, Coi (...)
  • 19 Daniel Foley, An English-Irish Dictionary, Baile Átha Cliath, William Curry, 1855, (...)
  • 20 Conchubhar Ó Beaglaoich agus Aodh Mac Cruitin, Foclóir Béarla agus Gaoidheilg, Páras, Guerin, 1732, (...)

18Ní raibh ceachtar den bheirt léirmheastóirí, ná T. O’Neill Lane féin, ina mbeatha faoi 1916 nuair a foilsíodh Lane’s Larger English-Irish Dictionary go bhfeicfidís ar chuir T. O’Neill Lane a gcuid moltaí i bhfeidhm nó nár chuir. Dealraíonn sé nár mhór an aird a thug an foclóirí orthu. Tá pléite agam leis an tionchar a bhí ag Ó hIcí ar Lane’s Larger English-Irish Dictionary i mball eile18. Chomh fada agus a bhaineann sé le moltaí d’Arbois de Jubainville de, tá sé le tabhairt faoi deara gurbh í an bhrí chéanna, “buille”, a tugadh athuair i gcomhair an fhocail “dorn” faoin gceannfhocal “buffet” in Lane’s Larger English-Irish Dictionary, ach don leith eile, chinn O’Neill Lane an focal conspóideach úd acmaing a bhaint ar fad den iontráil faoin gceannfhocal “abigail”. San uimhir uatha a d’fhan “buatais”, le “a” sa dara siolla seachas an “u” a bhí i mbunfhoclóir Uí Bheaglaoich agus Mhic Cruitín mar a bhfuarthas an focal, gan aon chuntas ó O’Neill Lane ar an modh eagarthóireachta a bhain le hathruithe litrithe den chineál sin, murab ionann agus Daniel Foley na glúine a tháinig díreach roimhe19. Ba é An Foclóir Beurla Guoidheilge (1732) le Conchobhar Ó Beaglaoich agus Aodh Buidhe Mac Cruitín an foclóir ba mhó ar bhain T. O’Neill Lane admhad as, foclóir eile a cuireadh le chéile i bPáras, ach faoi mar a bheifí ag súil i gcás foinse teanga a bhí ar an bhfód le nach mór dhá chéad bliain, dhein O’Neill Lane athruithe éagsúla os íseal ar thromlach na bhfocal agus na bhfrásaí a d’ardaigh sé leis. Ní i gcás “buatais” amháin a d’athraigh O’Neill Lane “u” go “a”; faoin gceannfhocal “bane”, mar shampla, luadh ‘comhluadar’ le foclóir Uí Bheaglaoich agus Mac Cruitín, ach ba é “comhluadur” an bunleagan a thugadar siúd20. Maidir le “árrachdach” an Bhíobla, an fhoinse ba mhó ar fad a bhí aige, chloígh O’Neill Lane le “t” seachas “d”, ach ar aon fhocal le d’Arbois de Jubainville, thoil sé an dara “r” a chur isteach ina leagan nuachóirithe “árrachtach”. Baineadh an frása “neart airgid” den iontráil faoin gceannfhocal “abundance” maille leis an tagairt éiginnte do Keating ina thaobh a léirigh d’Arbois de Jubainville a bheith neamhchúntach. Ar chuma an fhrása shamplaigh “neart airgid” a tugadh sa chéad fhoclóir, is í “tá neart saidhbhris aca” an sampla léirithe ar fónamh a chuir O’Neill Lane ina áit, ainneoin a raibh le rá ag d’Arbois de Jubainville faoin difear séimeantach idir “neart” na Gaeilge agus “abondance” na Fraincise. Bhí an ceart ag d’Arbois de Jubainville O’Neill Lane a lochtú ar an mbonn nach raibh an córas deismireachtaí sa chéad fhoclóir iomlán a dhóthain áfach. Cé gur thathagaí i bhfad an liosta údar a ghabh le réamhrá an fhoclóra leasaithe, bhí mórán botún cló san eolas a soláthraíodh ann, agus anuas ar fhoinsí a bheith sa liosta údar nár luadh i gcorp an fhoclóra in aon chor, luadh foinsí i gcorp an fhoclóra nár tugadh sa liosta údar.

Measúnú

19Mar le hearráidí dá leithéid, ní mór a mheabhrú gur fhoclóireacht amaitéarach a bhí ar siúl ag T. O’Neill Lane a shaothraigh as a stuaim féin óna óige i leith nó go gcuirfí a thogra pearsanta i gcrích. Ón uair gur ina aonar a chuaigh sé i mbun oibre, mórán cúram eile ar láimh aige idir an dá linn, agus a dhóthain d’ainnise an tsaoil aige, bhí sé buíoch de pé aiseolas a bhí le fáil aige ó dhaoine eile, rud a chur sé in iúl le barr umhlaíochta i réamhrá Lane’s English-Irish Dictionary:“I shall feel extremely obliged to such persons as may notice errors or omissions if they will write to me on the subject.” Ba shuarach an ráiteas ó Marie-Henri d’Arbois de Jubainville sa líne dheireanach dá léirmheas siúd nár mhór an leas a dhéanfadh Lane’s English-Irish Dictionary do léann na Gaeilge, ach tá an chuma ar na hiontrálacha feabhsaithe faoi na ceannfhocail “Abigail”, “Able”, agus “Abundance” in Lane’s Larger-English Dictionary nach raibh O’Neill Lane gan beann ar fad ar a chomhairle. Fuarthas lochtanna go leor ar an réamhleagan de shaothar foclóireachta T. O’Neill Lane, ach níor chuir a leithéid aon chur isteach air, agus d’éirigh leis i ndeireadh thiar mórfhoclóir míorúilteach a chur ar fáil i gcomhthéacs ilteangach idirnáisiúnta do phobal suthain na Gaeilge.

Haut de page

Notes

1 Seaghan Mac an tSionnaigh, “Varia III: Litir ó T. O’Neill Lane”, Éigse, Uimh. 39, 2016, lgh. 250-255.

2 Seaghan Mac an tSionnaigh, “Seoda Ghaeilge Luimnigh”, Comhar, Iml. 75, Uimh. 7, 2015, lgh. 18-20

3 James Quinn agus James McGuire, eag., The Dictionary of Irish Biography, Iml. 5, 2009, lth. 297.

4 General Register Office, England, MXG922305, Certified copy of an Entry of Marriage, 12 Deireadh Fómhair 2016.

5 General Register Office, England, DYE066850, Certified Copy of an Entry of Death, 11 Deireadh Fómhair, 2016.

6 Cló IarChonnacht & Fiontar DCU, “LANE, Timothy O’Neill”, [http:/www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=147], 2013.

7 An tAthair Aidan Ó Troighthigh, comhfhreagras pearsanta, Eanáir 2016.

8 An Claidheamh Soluis, 24 Samhain, 1906, lth. 10.

9 Tá nótaí seo i seilbh leabharlann Choláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach.

10 An Claidheamh Soluis, 26 Eanáir, 1907, lth. 10.

11 Tá an cnuasach seo i seilbh Choláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach.

12 Timothy O’Neill Lane, Lane’s Larger English-Irish Dictionary, Baile Átha Cliath, The Educational Company of Ireland, 1916, lth. vii.

13 An Claidheamh Soluis, 28 Bealtaine, 1904, lth. 10; Irish Times, 29 Meitheamh, 1903, lth. 8; Irish Times, 10 Meán Fómhair, 1904, lth. 14; Irish Times, 4 Aibreán, 1908, lth. 7.

14 Marie-Henri d’Arbois de Jubainville, Révue Celtique, iml. XXV, Páras, Émile Bouillon, 1904, lgh. 353-355.

15 Marie-Henri d’Arbois de Jubainville, Révue Celtique, iml. XXV, Páras, Émile Bouillon, 1904, lgh. 353-355. Mise a chuir Gaeilge air, faoi mar a chuireas romham a dhéanamh i bhfo-nóta in The West Limerick Man Who Wrote a Dictionary, 2015.

16 Georges Dottin, Annales De Bretagne, Iml. 25, Uimh., 25-4, 1909, lgh. 605- 611.

17 Michael O’Hickey, ‘Irish Lexicography’, The Irish Ecclesiastical Record, Nollaig, 1904, lgh. 521-532.

18 Seaghan Mac an tSionnaigh, Focail agus Foclóireacht T. O’Neill Lane, Baile Átha Cliath, Coiscéim, 2013, lgh. 254-256.

19 Daniel Foley, An English-Irish Dictionary, Baile Átha Cliath, William Curry, 1855, lgh. iii-iv.

20 Conchubhar Ó Beaglaoich agus Aodh Mac Cruitin, Foclóir Béarla agus Gaoidheilg, Páras, Guerin, 1732, lth. 52.

Haut de page

Pour citer cet article

Référence papier

Seaghan Mac an tSionnaigh, « “Un nouveau dictionnaire anglais-irlandais” : léirmheas Francach ar fhoclóir Éireannach »Études irlandaises, 42-2 | 2017, 37-46.

Référence électronique

Seaghan Mac an tSionnaigh, « “Un nouveau dictionnaire anglais-irlandais” : léirmheas Francach ar fhoclóir Éireannach »Études irlandaises [En ligne], 42-2 | 2017, mis en ligne le 29 novembre 2017, consulté le 28 mars 2024. URL : http://journals.openedition.org/etudesirlandaises/5258 ; DOI : https://doi.org/10.4000/etudesirlandaises.5258

Haut de page

Auteur

Seaghan Mac an tSionnaigh

Coláiste Mhuire Gan Smál

Haut de page

Droits d’auteur

CC-BY-NC-SA-4.0

Le texte seul est utilisable sous licence CC BY-NC-SA 4.0. Les autres éléments (illustrations, fichiers annexes importés) sont « Tous droits réservés », sauf mention contraire.

Haut de page
Rechercher dans OpenEdition Search

Vous allez être redirigé vers OpenEdition Search